Overweging 92 AI Act
Officiële tekst
id="rct_92">
(92)
Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí ar fhostóirí a n-oibrithe a chur ar an eolas maidir le cinntí chun córais intleachta saorga a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, nó dul i gcomhairle leo nó lena n-ionadaithe faoi sin, ar oibleagáidí iad siúd atá orthu faoi dhlí agus cleachtas an Aontais nó faoi dhlí agus cleachtas náisiúnta, lena n-áirítear Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39). Tá sé riachtanach fós a áirithiú go gcuirfear oibrithe agus a n-ionadaithe ar an eolas maidir le cur in úsáid beartaithe córas intleachta saorga ardriosca san ionad oibre i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na hoibleagáidí faisnéise nó na hoibleagáidí faisnéise agus comhairliúcháin sin in ionstraimí dlí eile. Thairis sin, tá an ceart faisnéise sin coimhdeach agus riachtanach maidir leis an gcuspóir atá mar bhonn leis an Rialachán seo, is é sin cearta bunúsacha a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas faisnéise chuige sin a leagan síos sa Rialachán seo, gan difear a dhéanamh d’aon chearta atá ag oibrithe cheana.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden