Overweging 78 AI Act
Officiële tekst
id="rct_78">
(78)
Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá aicmithe mar chóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo. Níor cheart, áfach, laghdú ar an leibhéal dearbhaithe is gá le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith mar thoradh ar an riail sin. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an riail sin, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus atá cáilithe freisin mar tháirgí tábhachtacha criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach maidir leo a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá siad faoi réir forálacha measúnaithe comhréireachta de rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhéid a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha an rialacháin sin. Sa chás sin, maidir leis na gnéithe eile go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha maidir le measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus an t-eolas agus an saineolas atá ag ENISA maidir leis an mbeartas cibearshlándála agus na cúraimí cibearshlándála a shanntar dó faoi Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), á chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún comhoibriú le ENISA maidir le saincheisteanna a bhaineann le cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden