Overweging 75 AI Act
Officiële tekst
id="rct_75">
(75)
Is ceanglas bunriachtanach é stóinseacht theicniúil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart dóibh a bheith athléimneach i ndáil le hiompraíocht dhíobhálach nó neamh-inmhianaithe ar shlí eile a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shrianta laistigh de na córais nó den timpeallacht ina n-oibríonn na córais (e.g. earráidí, lochtanna, neamhréireachtaí, cásanna nach raibh coinne leo). Dá bhrí sin, ba cheart bearta teicniúla agus bearta eagraíochtúla a dhéanamh chun stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, mar shampla trí réitigh theicniúla iomchuí a dhearadh agus a fhorbairt chun iompraíocht atá díobhálach nó atá neamh-inmhianaithe ar bhealach eile a chosc nó a íoslaghdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na réitigh theicniúla sin, mar shampla, sásraí a chuireann ar chumas an chórais briseadh isteach go sábháilte ar a oibríocht (pleananna ‘slán i gcás teipe’) más ann d’aimhrialtachtaí áirithe nó nuair a sháraíonn an oibríocht teorainneacha réamhchinntithe áirithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair ar an tsábháilteacht nó go mbeadh éifeachtaí diúltacha ar chearta bunúsacha mar thoradh ar mhainneachtain na rioscaí sin a chosaint, mar shampla, de bharr cinntí earráideacha nó aschuir mhíchearta nó chlaonta a ghin an córas intleachta saorga.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden