Overweging 74 AI Act
Officiële tekst
id="rct_74">
(74)
Ba cheart do chórais intleachta saorga ardriosca feidhmiú go comhsheasmhach ar feadh a saolré agus leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus i gcomhréir leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne. Moltar don Choimisiún agus d’eagraíochtaí agus geallsealbhóirí ábhartha aird chuí a thabhairt ar mhaolú rioscaí agus ar thionchair dhiúltacha an chórais intleachta saorga. Ba cheart an leibhéal méadrachtaí feidhmíochta a bhfuiltear ag súil leis a dhearbhú sna treoracha úsáide a ghabhann leis. Iarrtar ar sholáthraithe an fhaisnéis sin a chur in iúl d’úsáideoirí gairmiúla ar bhealach soiléir sothuigthe a bheidh saor ó mhíthuiscintí nó ó ráitis mhíthreoracha. Is é is aidhm do dhlí an Aontais maidir leis an méadreolaíocht dhlíthiúil, lena n-áirítear Treoracha 2014/31/AE (35) agus 2014/32/AE (36) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cruinneas na dtomhas a áirithiú agus cuidiú le trédhearcacht agus cothroime idirbheart tráchtála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún, agus é ag obair i gcomhar le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ábhartha, amhail údaráis mhéadreolaíochta agus tagarmharcála, ba cheart don Choimisiún a mholadh go bhforbrófaí, de réir mar is iomchuí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí tomhais le haghaidh córais intleachta saorga. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ag obair ar an méadreolaíocht agus ar tháscairí tomhais ábhartha a bhaineann leis an intleacht shaorga a thabhairt dá aire agus comhoibriú leo.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden