Overweging 68 AI Act
Officiële tekst
id="rct_68">
(68)
Maidir le forbairt na gcóras intleachta saorga ardriosca agus measúnú a dhéanamh orthu, ba cheart do ghníomhaithe áirithe, amhail soláthraithe, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eintitis ábhartha eile, amhail Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, saoráidí agus taighdeoirí tástála agus turgnamhaíochta, rochtain a bheith acu ar thacair sonraí ardcháilíochta agus a bheith in ann iad a úsáid laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí faoi seach a bhaineann leis an Rialachán seo. Beidh tábhacht ar leith ag baint le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha arna mbunú ag an gCoimisiún agus le héascú comhroinnte sonraí idir gnólachtaí agus leis an rialtas ar mhaithe le leas an phobail chun rochtain iontaofa, chuntasach agus neamh-idirdhealaitheach a sholáthar ar shonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu. Mar shampla, i gcás cúrsaí sláinte, leis an spás Eorpach sonraí sláinte, éascófar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar shonraí sláinte agus oiliúint na n-algartam intleachta saorga maidir leis na tacair sonraí sin, ar bhealach slán tráthúil trédhearcach agus iontaofa a chosnaíonn an phríobháideacht, agus le rialachas iomchuí institiúideach. Údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear údaráis earnála, a sholáthraíonn an rochtain ar shonraí nó a thacaíonn léi, féadfaidh siad tacú freisin leis an soláthar sonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden