Overweging 60 AI Act
Officiële tekst
id="rct_60">
(60)
Le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann, déantar difear do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha na ndaoine a ndearnadh difear dóibh a áirithiú, go háirithe a gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealaithe, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta a fháil agus chun dea-riaracháin. A mhéid a cheadaítear a n-úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha, is iomchuí, dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó ar a son nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil cúraimí orthu i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann le brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla, chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí áirithe a bhaineann le daoine nádúrtha a thagann isteach i gcríoch Ballstáit nó a dhéanann iarratas ar víosa nó ar thearmann, chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh, lena n-áirítear an measúnú gaolmhar ar iontaofacht na fianaise, ar iarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir leis an gcuspóir incháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint i gcomhthéacs na himirce, an tearmainn nó an bhainistithe rialaithe teorann cé is moite de dhoiciméid taistil a fhíorú. Maidir le córais intleachta saorga i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais. Níor cheart do na Ballstáit ná d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí an Aontais, i gcás ar bith, úsáid a bhaint as córais intleachta saorga i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann chun teacht timpeall ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 arna leasú le Prótacal an 31 Eanáir 1967. Ná níor cheart iad a úsáid chun prionsabal an non-refoulement a shárú ar bhealach ar bith, ná chun bealaí dlíthiúla sábháilte agus éifeachtacha a dhiúltú i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun cosaint idirnáisiúnta a fháil.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden