Responsible AI Platform
Overweging 58 van 18032%

Overweging 58 AI Act

Officiële tekst

id="rct_58">

(58)

Réimse eile ar cheart aird ar leith a thabhairt air is ea rochtain ar sheirbhísí agus sochair áirithe bhunriachtanacha phríobháideacha agus phoiblí agus tairbhiú díobh chun go mbeidh daoine in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí nó feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála. Go háirithe, daoine nádúrtha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar shochair chúnaimh phoiblí nó ar sheirbhísí cúnaimh phoiblí nó a fhaigheann na sochair nó na seirbhísí sin ó údaráis phoiblí, eadhon seirbhísí cúraim sláinte, sochair slándála sóisialta, seirbhísí sóisialta a sholáthraíonn cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tionóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcás ina gcailltear fostaíocht agus cúnamh sóisialta agus tithíochta, is iondúil a bhíonn na daoine sin ag brath ar na sochair agus seirbhísí sin agus is iondúil a bhíonn siad i riocht leochaileach i ndáil leis na húdaráis fhreagracha. Má úsáidtear córais intleachta saorga chun a chinneadh ar cheart do na húdaráis na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a dhiúltú, a laghdú, a chúlghairm nó a aiséileamh, lena n-áirítear cé acu atá tairbhithe i dteideal na dtairbhí nó na seirbhísí sin go dlisteanach nó nach bhfuil, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach ag na córais sin ar shlí bheatha na ndaoine agus go ndéanfaí a gcearta bunúsacha a shárú, amhail an ceart chun cosanta sóisialta, an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun dínite daonna nó an ceart chun leighis éifeachtaigh, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca. Mar sin féin, níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar fhorbairt ná úsáid cur chuige nuálach sa riarachán poiblí, ar riarachán é a bhainfeadh leas as úsáid níos forleithne a bhaint as córais intleachta saorga chomhlíontacha shábháilte, ar choinníoll nach mbeadh ardriosca ag baint leo do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha. Ina theannta sin, córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha, ba cheart iad a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinneann siad rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí bunriachtanacha ar nós tithíochta, leictreachais agus seirbhísí teileachumarsáide. De thoradh na gcóras intleachta saorga a úsáidtear chun na gcríoch sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí idirdhealú idir daoine nó grúpaí, agus go mbuanófaí patrúin idirdhealaitheacha stairiúla, amhail patrúin bunaithe ar bhunadh ciníoch nó eitneach, inscne, míchumais, aois nó gnéaschlaonadh, nó go gcruthófaí cineálacha nua tionchar idirdhealaithe. Mar sin féin, córais intleachta saorga dá bhforáiltear le dlí an Aontais chun calaois a bhrath i soláthar seirbhísí airgeadais agus chun críocha stuamachta chun ceanglais chaipitil institiúidí creidmheasa agus gnóthas árachais a ríomh, níor cheart na córais sin a mheas mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo. Thairis sin, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú riosca agus praghsáil i ndáil le hárachas sláinte agus saoil do dhaoine nádúrtha, is féidir leo tionchar suntasach a imirt ar shlí bheatha daoine agus mura ndéantar iad a cheapadh, a fhorbairt agus a úsáid go cuí, is féidir leo a gcearta bunúsacha a shárú agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha do shaol agus do shláinte daoine, lena n-áirítear eisiamh airgeadais agus idirdhealú, a bheith mar thoradh orthu. Ar deireadh, ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear chun glaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha a mheas agus a aicmiú nó chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh nó tosaíocht a thabhairt agus na seirbhísí sin á seoladh, lena n-áirítear seirbhísí arna soláthar ag póilíní, comhraiceoirí dóiteán agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais ardriosca freisin, ós rud é go ndéanann siad cinntí i gcásanna atá criticiúil do bheatha agus sláinte daoine agus a maoin.

Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.

📬 AI Act Weekly

Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.

Aanmelden