Overweging 54 AI Act
Officiële tekst
id="rct_54">
(54)
Ós rud é gur catagóir speisialta sonraí pearsanta iad sonraí bithmhéadracha, is iomchuí roinnt cásanna úsáide criticiúla de chórais bhithmhéadracha a aicmiú mar chásanna lena mbaineann ardriosca, a mhéid a cheadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí ábhartha náisiúnta. Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. An riosca go mbeadh torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaitheacha ann, tá sí ábhartha go háirithe maidir le haois, eitneacht, cine, gnéas nó míchumais. Dá bhrí sin, ba cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí a aicmiú mar chórais ardriosca i bhfianaise na rioscaí a bhaineann leo. Ní áirítear le haicmiú den sórt sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn an duine sin a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin. Ina theannta sin, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach de réir airíonna íogaire nó saintréithe íogaire dá dtugtar cosaint faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar bhonn sonraí bithmhéadracha, sa mhéid nach dtoirmisctear iadsan sin faoin Rialachán seo, agus córais aitheanta mothúcháin nach dtoirmisctear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca. Córais bhithmhéadracha atá beartaithe lena n-úsáid chun críche bearta cibearshlándála agus cosanta sonraí pearsanta a chumasú, agus chun na críche sin amháin, níor cheart a mheas gur córais intleachta saorga ardriosca iad.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden