Responsible AI Platform
Overweging 53 van 18029%

Overweging 53 AI Act

Officiële tekst

id="rct_53">

(53)

Tá sé tábhachtach a shoiléiriú freisin go bhféadfadh cásanna sonracha a bheith ann nach mbeidh na córais intleachta saorga dá dtagraítear i réimsí réamhshainithe a shonraítear sa Rialachán seo ina gcúis le riosca suntasach díobhála do na leasanna dlíthiúla a chosnaítear faoi na limistéir sin toisc nach n-imríonn siad tionchar ábhartha ar an gcinnteoireacht nó nach ndéanann siad dochar suntasach do na leasanna sin. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir le córas intleachta saorga nach bhfuil tionchar ábhartha aige ar thoradh na cinnteoireachta, ba cheart a thuiscint gur córas intleachta saorga é nach bhfuil tionchar aige ar shubstaint na cinnteoireachta, agus ar an gcaoi sin ar thoradh na cinnteoireachta, bíodh sé sin ina chóras daonna nó uathoibrithe. D’fhéadfaí a áireamh ar chóras intleachta saorga nach bhfuil tionchar ábhartha aige ar thoradh na cinnteoireachta cásanna ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas. Is é ba cheart a bheith ar an gcéad choinníoll sin go bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh an córas intleachta saorga cúram cúng nós imeachta, amhail córas intleachta saorga lena gclaochlaítear sonraí neamhstruchtúrtha ina sonraí struchtúrtha, córas intleachta saorga lena n-aicmítear doiciméid inteachta ina gcatagóirí nó córas intleachta saorga a úsáidtear chun dúbláil as measc líon mór feidhmchlár a bhrath. Is cúraimí chomh cúng agus chomh teoranta sin iad nach mbaineann ach rioscaí teoranta leo nach méadaítear trí úsáid a bhaint as córas intleachta saorga i gcomhthéacs a liostaítear mar úsáid ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Is é ba cheart a bheith ar an dara coinníoll gurb é atá beartaithe leis an gcúram a dhéanann an córas intleachta saorga feabhas a chur ar an toradh a bhí ar ghníomhaíocht a rinne duine roimhe sin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha chun críocha na n-úsáidí ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. I bhfianaise na saintréithe sin, ní dhéanann an córas intleachta saorga ach sraith bhreise a chur le gníomhaíocht dhaonna agus riosca laghdaithe ag baint leis dá bhrí sin. Bheadh feidhm ag an gcoinníoll sin, mar shampla, maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha feabhas a chur ar an teanga a úsáideadh i ndoiciméid a dréachtaíodh roimhe seo, mar shampla maidir le ton gairmiúil, stíl acadúil teanga nó trí théacs a ailíniú le teachtaireachtaí áirithe branda. Is é ba cheart a bheith ar an tríú coinníoll go bhfuil sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta roimhe seo a bhrath. Laghdófaí an riosca toisc go leanann úsáid an chórais intleachta saorga measúnú daonna a cuireadh i gcrích roimhe seo agus nach bhfuil sé i gceist é a ionadú ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna. Áirítear ar na córais intleachta saorga sin, mar shampla, na córais sin is féidir a úsáid, i bhfianaise patrún áirithe grádaithe múinteora, lena sheiceáil ex post cibé acu a d’imigh an múinteoir ón bpatrún grádaithe d’fhonn neamhréireachtaí nó aimhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl. Is é ba cheart a bheith ar an gceathrú coinníoll go bhfuil sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga cúram a dhéanamh nach bhfuil ann ach cúram ullmhúcháin do mheasúnú atá ábhartha chun críocha na gcóras intleachta saorga a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, rud a fhágann go bhféadfadh tionchar an-íseal a bheith ag aschur an chórais ó thaobh riosca a bheith ag gabháil leis an measúnú a leanúint. Cumhdaítear leis an gcoinníoll sin, inter alia, réitigh chliste chun comhaid a láimhseáil, lena n-áirítear feidhmeanna éagsúla ó innéacsú, cuardach, téacs agus próiseáil urlabhra nó sonraí a nascadh le foinsí sonraí eile, nó córais intleachta saorga a úsáidtear chun doiciméid tosaigh a aistriú. In aon chás, córais intleachta saorga a úsáidtear i gcásanna úsáide ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart a mheas go bhfuil rioscaí suntasacha díobhála ag baint leis na córais intleachta saorga ardriosca sin do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha má tá próifíliú intuigthe leis an gcóras intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 4, pointe (4) de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 3, pointe (4) de Threoir (AE) 2016/680 nó Airteagal 3, pointe (5) de Rialachán (AE) 2018/1725. Chun inrianaitheacht agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraí a mheasann nach mbaineann ardriosca le córas intleachta saorga ar bhonn na gcoinníollacha dá dtagraítear thuas doiciméadacht an mheasúnaithe a tharraingt suas sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ba cheart dó an doiciméadacht sin a sholáthar d’údaráis inniúla náisiúnta arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart oibleagáid a bheith ar an soláthraí sin an córas intleachta saorga a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais arna bhunú faoin Rialachán seo. D’fhonn tuilleadh treorach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme praiticiúil na gcoinníollacha faoinar córais neamh-ardriosca, ar bhonn eisceachtúil, iad na córais intleachta saorga a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a sholáthar lena sonraítear go bhfuil an cur chun feidhme praiticiúil sin curtha i gcrích le liosta cuimsitheach de shamplaí praiticiúla de chásanna úsáide córas intleachta saorga atá ardriosca agus úsáide nach bhfuil.

Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.

📬 AI Act Weekly

Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.

Aanmelden