Overweging 49 AI Act
Officiële tekst
id="rct_49">
(49)
A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28),Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), agus Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), is iomchuí na gníomhartha sin a leasú chun a áirithiú, ar bhonn sainiúlachtaí teicniúla agus rialála gach earnála, agus gan cur isteach ar shásraí rialachais, measúnaithe comhréireachta agus forfheidhmithe atá ann cheana agus na húdaráis arna mbunú iontu, go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon ghníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme á ghlacadh aige amach anseo ar bhonn na ngníomhartha sin.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden