Overweging 48 AI Act
Officiële tekst
id="rct_48">
(48)
Tá ábharthacht ar leith ag baint le fairsinge thionchar díobhálach an chórais intleachta saorga ar na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag an gCairt, go háirithe agus córas intleachta saorga á aicmiú mar chóras ardriosca. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun dínit an duine, maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ar chosaint sonraí pearsanta, chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chun saoirse comhthionóil agus comhlachais, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart chun oideachais, cearta cosanta tomhaltóirí, cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne, cearta maoine intleachtúla, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ceart na cosanta agus toimhde na neamhchiontachta, agus an ceart chun dea-riaracháin. I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, a forbraíodh a thuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC a mhéid a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach, ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail. An ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol a chumhdaítear sa Chairt agus a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh ar dhéine na díobhála ar féidir córas intleachta saorga a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden