Overweging 47 AI Act
Officiële tekst
id="rct_47">
(47)
D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar neamhfhabhrach ag córais intleachta saorga ar shláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe i gcás ina n-oibríonn na córais sin mar chomhpháirteanna sábháilteachta táirgí. I gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a éascú agus chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar bhealach eile ar an margadh, tá sé tábhachtach go ndéanfar na rioscaí sábháilteachta a sheachaint nó a mhaolú go hiomchuí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar tháirge ina iomláine de thoradh a chomhpháirteanna digiteacha, lena n-áirítear córais intleachta saorga. Cuir i gcás, róbait uathrialaitheacha a bhfuil a n-uathriail ag dul i méid de réir a chéile, cé acu i gcomhthéacs monaraíochta nó cúnaimh phearsanta agus cúraim atá sé, ba cheart iad a bheith in ann oibriú agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh go sábháilte i dtimpeallachtaí casta. Ar an gcuma chéanna, san earnáil sláinte, áit a bhfuil go leor i ngeall léi maidir le beatha agus sláinte, ba cheart córais diagnóisice agus córais a thacaíonn le cinntí daonna, ar córais iad atá ag éirí níos sofaisticiúla, a bheith iontaofa agus cruinn.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden