Overweging 27 AI Act
Officiële tekst
id="rct_27">
(27)
Cé go bhfuil an cur chuige rioscabhunaithe mar bhonn do thacar comhréireach agus éifeachtach rialacha ceangailteacha, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar threoirlínte Eitice 2019 le haghaidh intleacht shaorga iontaofa a d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ar grúpa neamhspleách é arna cheapadh ag an gCoimisiún. Sna treoirlínte sin, d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga seacht bprionsabal eiticiúla neamhcheangailteacha le haghaidh intleacht shaorga atá beartaithe chun a áirithiú go mbeidh an intleacht shaorga iontaofa agus fónta ó thaobh eitice de. Áirítear ar na seacht bprionsabal gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna; stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht; príobháideachas agus rialachas sonraí; trédhearcacht; éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime; dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil agus cuntasacht. Gan dochar do cheanglais an Rialacháin seo atá ceangailteach ó thaobh dlí agus d’aon dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, rannchuidíonn na treoirlínte sin le dearadh intleachta saorga atá comhleanúnach, iontaofa agus duinelárnach, i gcomhréir leis an gCairt agus leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. De réir threoirlínte an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ciallaíonn gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga mar uirlis a fhónann do dhaoine, a urramaíonn dínit an duine agus neamhspleáchas pearsanta, agus a fheidhmíonn ar bhealach ar féidir le daoine í a rialú agus a mhaoirsiú go hiomchuí. Ciallaíonn stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht go ndéantar córais intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach lena gceadaítear stóinseacht i gcás fadhbanna agus athléimneacht i gcoinne iarrachtaí chun úsáid nó feidhmíocht an chórais intleachta saorga a athrú chun ligean do thríú páirtithe úsáid neamhdhleathach a bhaint as, agus díobháil neamhbheartaithe a íoslaghdú. Ciallaíonn príobháideachas agus rialachas sonraí go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga i gcomhréir leis na rialacha príobháideachais agus cosanta sonraí, agus próiseáil á déanamh ar shonraí a chomhlíonann ardchaighdeáin ó thaobh cáilíochta agus sláine de. Ciallaíonn trédhearcacht go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach lenar féidir inrianaitheacht agus inmhínitheacht iomchuí a dhéanamh, agus daoine á gcur ar an eolas ag an am céanna go ndéanann siad cumarsáid nó idirghníomhú le córas intleachta saorga, chomh maith le húsáideoirí gairmiúla á gcur ar an eolas go cuí faoi chumais agus teorainneacha an chórais intleachta saorga sin agus daoine dá ndéantar difear á gcur ar eolas faoina gcearta. Ciallaíonn éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach ina n-áirítear gníomhaithe éagsúla agus ina gcuirtear rochtain chomhionann, comhionannas inscne agus éagsúlacht chultúrtha chun cinn, agus tionchair idirdhealaitheacha agus claontachtaí éagóracha a thoirmisctear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta á seachaint ag an am céanna. Ciallaíonn dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar bhealach a théann chun tairbhe do gach duine, agus faireachán agus measúnú á ndéanamh ag an am céanna ar na tionchair fhadtéarmacha ar an duine aonair, ar an tsochaí agus ar an daonlathas. Ba cheart cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a léiriú, nuair is féidir, i ndearadh agus in úsáid samhlacha intleachta saorga. Ba cheart dóibh fónamh, ar aon chuma, mar bhunús chun cóid iompair a dhréachtú faoin Rialachán seo. Moltar do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear lucht tionscail, an saol acadúil, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí um chaighdeánú, na prionsabail eiticiúla a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí, chun dea-chleachtais agus caighdeáin dheonacha a fhorbairt.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden