Overweging 25 AI Act
Officiële tekst
id="rct_25">
(25)
Ba cheart don Rialachán seo tacú leis an nuálaíocht, ba cheart dó saoirse na heolaíochta a urramú, agus níor cheart dó an bonn a bhaint de ghníomhaíocht taighde agus forbartha. Is gá, dá bhrí sin, córais agus samhlacha intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i mbun seirbhíse go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh óna raon feidhme. Thairis sin, is gá a áirithiú nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear ar shlí eile do thaighde eolaíoch agus do ghníomhaíocht forbartha ar chórais intleachta saorga nó ar shamhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i seirbhís iad. A mhéid a bhaineann le gníomhaíocht taighde, tástála agus forbartha atá dírithe ar tháirgí maidir le córais nó samhlacha intleachta saorga, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo sula gcuirfear na córais agus na samhlacha sin i seirbhís nó sula gcuirfear ar an margadh iad. Tá an t-eisiamh sin gan dochar don oibleagáid maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh i gcás ina gcuirtear córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar an margadh nó i seirbhís mar thoradh ar an ngníomhaíocht taighde agus forbartha sin agus do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus tástáil i bhfíordhálaí. Thairis sin, gan dochar d’eisiamh na gcóras intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i seirbhís go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche agus chun na críche sin amháin, ba cheart d’aon chóras intleachta saorga eile a d’fhéadfaí a úsáid chun aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh leanúint de bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. In aon chás, ba cheart aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla proifisiúnta aitheanta don taighde eolaíoch agus ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden