Overweging 22 AI Act
Officiële tekst
id="rct_22">
(22)
I bhfianaise a nádúr digiteach, ba cheart córais intleachta saorga áirithe a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo fiú nuair nach gcuirtear ar an margadh iad, nach gcuirtear i seirbhís iad, nó nuair nach n-úsáidtear san Aontas iad. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás oibreoir atá bunaithe san Aontas a dhéanann conradh maidir le seirbhísí áirithe le hoibreoir atá bunaithe i dtríú tír i ndáil le gníomhaíocht atá le déanamh ag córas intleachta saorga a cháileodh mar ghníomhaíocht ardriosca. Sna himthosca sin, maidir leis an gcóras intleachta saorga a úsáideann an t-oibreoir i dtríú tír, d’fhéadfadh sé sonraí a bhailítear san Aontas agus a aistrítear amach as an Aontas go dlíthiúil a phróiseáil, agus aschur an chórais intleachta saorga sin atá mar thoradh ar an bpróiseáil sin a sholáthar don oibreoir conarthach san Aontas, gan an córas intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i seirbhís nó a úsáid san Aontas. Chun dul timpeall ar an Rialachán seo a chosc agus chun cosaint éifeachtach daoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga atá bunaithe i dtríú tír, sa mhéid atá sé beartaithe an t-aschur arna tháirgeadh ag na córais sin a úsáid san Aontas. Mar sin féin, chun socruithe atá ann cheana a chur san áireamh chomh maith le riachtanais speisialta i gcás comhar le comhpháirtithe eachtracha amach anseo a ndéantar malartú faisnéise agus fianaise leo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí tríú tír agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus iad ag gníomhú faoi chuimsiú an chomhair nó an chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó leis na Ballstáit, ar choinníoll go gcuireann an tríú tír ábhartha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. I gcás inarb ábhartha, féadfar a chumhdach leis sin gníomhaíochtaí na n-eintiteas ar chuir na tríú tíortha de chúram orthu cúraimí sonracha a dhéanamh chun tacú le forfheidhmiú an dlí agus leis an gcomhar breithiúnach sin. Bunaíodh an creat comhair sin nó na comhaontuithe sin go déthaobhach idir na Ballstáit agus tríú tíortha nó idir an tAontas Eorpach, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart do na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis forfheidhmithe dlí agus ar na húdaráis bhreithiúnacha faoin Rialachán seo a mheas cé acu atá nó nach bhfuil coimircí leordhóthanacha i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint san áireamh sna creataí comhair nó sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin. Údaráis náisiúnta is faighteoirí agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhaineann úsáid as an aschur sin san Aontas, leanann siadsan de bheith cuntasach chun a áirithiú go gcomhlíonann siad dlí an Aontais. Nuair a dhéanfar na comhaontuithe idirnáisiúnta sin a athbhreithniú nó nuair a thabharfar comhaontuithe nua i gcrích amach anseo, ba cheart do na páirtithe conarthacha a ndícheall a dhéanamh na comhaontuithe sin a ailíniú le ceanglais an Rialacháin seo.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden