Overweging 180 AI Act
Officiële tekst
id="rct_180">
(180)
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad an tuairim chomhpháirteach uathu an 18 Meitheamh 2021,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Is é is cuspóir don Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus glacadh na hintleachta saorga (IS) atá dírithe ar an duine agus iontaofa a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus caomhnú an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus chun tacú leis an nuálaíocht.
2. Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:
(a)
rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas;
(b)
toirmisc ar chleachtais intleachta saorga áirithe;
(c)
ceanglais shonracha maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí oibreoirí na gcóras sin;
(d)
rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga áirithe;
(e)
rialacha comhchuibhithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chur ar an margadh;
(f)
rialacha maidir le faireachán margaidh, faireachas margaidh, rialachas agus forfheidhmiú;
(g)
bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
soláthraithe a chuireann córais intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse nó a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh san Aontas, gan beann ar cé acu san Aontas nó i dtríú tír atá na soláthraithe sin bunaithe nó lonnaithe;
(b)
úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe laistigh den Aontas;
(c)
soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás gur san Aontas a úsáidtear an t-aschur a tháirgtear leis an gcóras intleachta saorga;
(d)
allmhaireoirí agus dáileoirí na gcóras intleachta saorga;
(e)
monaróirí táirgí a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse mar aon lena dtáirge agus faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc féin;
(f)
ionadaithe údaraithe na soláthraithe, nach bhfuil bunaithe san Aontas;
(g)
daoine dá ndéantar difear atá lonnaithe san Aontas.
2. Ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 6(1), Airteagail 102 go 109 agus Airteagal 112 maidir leis na córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 57 ach a mhéid a dhéanfar na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo a chomhtháthú faoin reachtaíocht chomhchuibhithe sin de chuid an Aontais.
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus i gcás ar bith, ní dhéanfaidh sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis ar leag na Ballstáit na cúraimí i ndáil leis na hinniúlachtaí sin air. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga más rud é go ndéanfar, agus a mhéid a dhéanfar, na córais sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid le modhnú nó gan mhodhnú go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga nach gcuirtear ar an margadh nó nach gcuirtear i mbun seirbhíse san Aontas, i gcás ina n-úsáidtear an t-aschur go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí i dtríú tír ná le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun mhír 1, i gcás ina n-úsáideann na húdaráis nó na heagraíochtaí sin córais intleachta saorga faoi chuimsiú comhar nó comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó le Ballstát amháin nó níos mó, ar choinníoll go gcuirfidh tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta mar sin coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí daoine aonair a chosaint.
5. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le dliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha mar a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2065.
6. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga ná samhlacha intleachta saorga, lena n-áirítear a n-aschur, a fhorbraítear go sonrach agus a chuirtear i mbun seirbhíse chun críche taighde eolaíoch agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin.
7. Tá feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, príobháideachas agus rúndacht chumarsáide maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, ná do Threoracha 2002/58/CE agus (AE) 2016/680, gan dochar d’Airteagal 10(5) agus Airteagal 59 den Rialachán seo.
8. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon ghníomhaíocht taighde, tástála nó forbartha a bhaineann le córais intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Déanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. Ní chumhdófar an tástáil a dhéantar i bhfíordhálaí leis an díolúine sin.
9. Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí.
10. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí atá ar úsáideoirí gairmiúla ar daoine nádúrtha iad a úsáideann córais intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil amháin.
11. Leis an rialachán seo, ní chuirtear bac ar an Aontas ná na Ballstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir lena gcearta a chosaint i ndáil le córais intleachta saorga a bheith á n-úsáid ag fostóirí, ná ar chur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a mholadh nó a cheadú.
12. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga a eisítear faoi cheadúnais foinse oscailte saor mura gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad mar chórais intleachta saorga ardriosca nó córas intleachta saorga a thagann faoi Airteagal 5 nó Airteagal 50.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ córas meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid,
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden