Overweging 17 AI Act
Officiële tekst
id="rct_17">
(17)
Ba cheart an coincheap ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú ar bhonn feidhmiúil mar chóras intleachta saorga atá beartaithe chun daoine nádúrtha a shainaithint gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, go cianda de ghnáth, trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha an duine agus na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, gan beann ar an teicneolaíocht, próisis nó cineálacha sonraí bithmhéadracha áirithe a úsáidtear. Is iondúil go n-úsáidtear na córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí sin chun roinnt daoine nó a n-iompar a bhrath ag an am céanna chun sainaithint daoine nádúrtha a éascú go suntasach gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin. Tá údar leis an eisiamh sin toisc gur dócha go mbeidh tionchar beag ag na córais sin ar chearta bunúsacha daoine nádúrtha i gcomparáid leis na córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí a d’fhéadfaí a úsáid chun sonraí bithmhéadracha líon mór daoine a phróiseáil gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach. I gcás na gcóras ‘fíor-ama’, déantar gabháil na sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint ar fad go meandrach, go meandrach nach mór nó in aon chás gan moill mhór. I dtaca leis sin, níor cheart aon fhéidearthacht a bheith ann dul timpeall ar rialacha an Rialacháin seo maidir le húsáid ‘fíor-ama’ na gcóras intleachta saorga lena mbaineann trí fhoráil a dhéanamh maidir le mionmhoilleanna. Bíonn úsáid ábhair ‘bheo’ nó ‘neasbheo’ i gceist le córais ‘fíor-ama’, amhail píosa scannánaíochta, arna ghiniúint le ceamara nó le feiste eile ag a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil. I gcás na gcóras ‘iar-aimseartha’, i gcodarsnacht leis sin, tá na sonraí bithmhéadracha gafa cheana féin agus déantar an chomparáid agus an tsainaithint tar éis moill mhór. Is éard atá i gceist leis sin ábhar, amhail pictiúir nó píosa scannánaíochta arna nginiúint le ceamaraí teilifíse ciorcaid iata nó le gairis phríobháideacha, a gineadh roimh úsáid an chórais i leith na ndaoine nádúrtha lena mbaineann.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden