Overweging 173 AI Act
Officiële tekst
id="rct_173">
(173)
Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar na coinníollacha ar fúthu nach bhfuil córas intleachta saorga le meas mar chóras lena mbaineann ardriosca, ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca, ar na forálacha maidir le doiciméadacht theicniúil, ar ábhar an dearbhaithe comhréireachta AE, ar na forálacha maidir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ar na forálacha lena mbunaítear na córais intleachta saorga ardriosca ar cheart feidhm ina leith a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú an chórais bainistithe cáilíochta agus ar mheasúnú na doiciméadachta teicniúla, ar an tairseach, na tagarmharcanna agus na táscairí, lena n-áirítear trí na tagarmharcanna agus na táscairí sin a fhorlíonadh, sna rialacha chun samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a mbaineann riosca sistéamach leo a aicmiú, ar na critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a mbaineann riosca sistéamach leo a aicmiú, ar an doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus ar an bhfaisnéis thrédhearcach do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (55). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden