Overweging 162 AI Act
Officiële tekst
id="rct_162">
(162)
Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as saineolas agus sineirgí láraithe an Aontais ar leibhéal an Aontais, ba cheart inniúlacht a bheith ag an gCoimisiún i dtaca le cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmithe maidir leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart di a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar a tionscnamh féin, de réir thorthaí a gníomhaíochtaí faireacháin, nó arna iarraidh sin do na húdaráis faireachais margaidh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun tacú le faireachán éifeachtach arna dhéanamh ag an Oifig um Intleacht Shaorga, ba cheart a fhoráil don fhéidearthacht go ndéanfaidh soláthraithe iartheachtacha gearáin faoi sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe na samhlacha agus na gcóras intleachta saorga ilchuspóireach.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden