Overweging 161 AI Act
Officiële tekst
id="rct_161">
(161)
Is gá na freagrachtaí agus na hinniúlachtaí a shoiléiriú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Chun inniúlachtaí forluiteacha a sheachaint, i gcás ina bhfuil córas intleachta saorga bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus inarb é an soláthraí céanna a sholáthraíonn an tsamhail agus an córas, ba cheart an mhaoirseacht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais tríd an Oifig um Intleacht Shaorga, ar cheart na cumhachtaí a bhíonn ag údarás faireachais margaidh a bheith aici de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1020 chun na críche sin. I ngach cás eile, beidh na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh freagrach fós as maoirseacht a dhéanamh ar chórais intleachta saorga. Mar sin féin, i gcás córais intleachta saorga ilchuspóireacha is féidir le húsáideoirí gairmiúla a úsáid agus cuspóir amháin ar a laghad acu a aicmítear mar chuspóir a mbaineann ardriosca leis, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh comhoibriú leis an Oifig um Intleacht Shaorga chun meastóireachtaí a dhéanamh ar chomhlíonadh agus an Bord agus údaráis eile faireachais margaidh eile a chur ar an eolas dá réir. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann cúnamh a iarraidh ar an Oifig um Intleacht Shaorga i gcás nach bhfuil an t-údarás faireachais margaidh in ann imscrúdú a thabhairt i gcrích maidir le córas intleachta saorga ardriosca mar nach bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach ar ar bunaíodh an córas intleachta saorga ardriosca. I gcásanna mar sin, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag an nós imeachta maidir le cúnamh frithpháirteach i gcásanna trasteorann i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden