Overweging 159 AI Act
Officiële tekst
id="rct_159">
(159)
Ba cheart cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaitheacha agus ceartaitheacha a bheith ag gach údarás faireachais margaidh i réimse na bithmhéadrachta, mar a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a úsáidtear na córais sin ar chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, imirce, tearmann agus bainistiú rialaithe teorann, nó leis an gceartas agus na próisis dhaonlathacha a riar, lena n-áirítear ar a laghad an chumhacht chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta uile atá á bpróiseáil agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a gcumhachtaí a fheidhmiú trí ghníomhú ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Ba cheart aon teorainneacha a bhaineann leis an rochtain atá acu ar shonraí oibríochtúla íogaire faoin Rialachán seo a bheith gan dochar do na cumhachtaí a thugtar dóibh le Treoir (AE) 2016/680. Níor cheart d’eisiamh ar bith maidir le sonraí a nochtadh d’údaráis náisiúnta um chosaint sonraí faoin Rialachán seo difear a dhéanamh do na cumhachtaí atá ag na húdaráis sin faoi láthair nó a bheidh acu amach anseo lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden