Overweging 149 AI Act
Officiële tekst
id="rct_149">
(149)
Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú, ba cheart Bord a bhunú. Ba cheart don Bhord leasanna éagsúla an éiceachórais intleachta saorga a léiriú agus ba cheart ionadaithe ó na Ballstáit a bheith air. Ba cheart don Bhord a bheith freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha, lena n-áirítear tuairimí, moltaí, comhairle a thabhairt nó cur le treoir maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cúrsaí forfheidhmiúcháin, sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i dtaca leis na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo agus comhairle a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla náisiúnta maidir le ceisteanna sonracha a bhaineann leis an intleacht shaorga. Chun solúbthacht áirithe a thabhairt do na Ballstáit maidir lena n-ionadaithe ar an mBord a ainmniú, féadfaidh aon duine a bhaineann le heintitis phoiblí ar cheart na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ábhartha a bheith aige chun comhordú a éascú ar an leibhéal náisiúnta agus chun rannchuidiú le cúraimí an Bhoird a bhaint amach a bheith ina ionadaí sin. Ba cheart don Bhord dhá bhuan-fhoghrúpa a bhunú chun ardán comhair agus malartaithe a chur ar fáil i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás a thugann fógra maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachas margaidh agus le comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoi seach. Ba cheart don bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh gníomhú mar an ngrúpa comhair riaracháin (ADCO) don Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/1020. I gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán sin, ba cheart don Choimisiún tacú le gníomhaíochtaí an bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh trí mheastóireachtaí margaidh nó staidéir mhargaidh a dhéanamh, go háirithe d’fhonn gnéithe den Rialachán seo a shainaithint a dteastaíonn comhordú sonrach agus práinneach ina leith i measc na n-údarás faireachais margaidh. Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha eile a bhunú de réir mar is iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha. Ba cheart don Bhord dul i gcomhar freisin, de réir mar is iomchuí, le comhlachtaí, grúpaí saineolaithe agus líonraí ábhartha an Aontais atá gníomhach i gcomhthéacs dhlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear go háirithe iad siúd atá gníomhach faoi dhlí ábhartha an Aontais maidir le sonraí, táirgí digiteacha agus seirbhísí digiteacha.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden