Overweging 131 AI Act
Officiële tekst
id="rct_131">
(131)
Chun obair an Choimisiúin agus na mBallstát i réimse na hintleachta saorga a éascú chomh maith leis an trédhearcacht i leith an phobail a mhéadú, ba cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca, cé is moite díobh siúd a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, chomh maith le soláthraithe atá den tuairim, ar bhonn maolaithe, nach mbaineann ardriosca le córas intleachta saorga a liostaítear sna cásanna úsáide ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, iad féin agus faisnéis faoina gcóras intleachta saorga ardriosca a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais, bunachar sonraí atá le bunú agus le bainistiú ag an gCoimisiún. Sula n-úsáidfidh siad córas intleachta saorga a liostaítear sna cásanna úsáide ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca ar údaráis, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí poiblí iad, iad féin a chlárú sa bhunachar sonraí sin agus an córas a bheartaíonn siad a úsáid a roghnú. Ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla eile a bheith i dteideal é sin a dhéanamh go deonach. Ba cheart an chuid seo de bhunachar sonraí an Aontais a bheith inrochtana don phobal, saor, ba cheart an fhaisnéis a bheith in-nascleanta go héasca, intuigthe agus inléite ag meaisín. Ba cheart bunachar sonraí an Aontais a bheith soláimhsithe freisin, mar shampla trí fheidhmiúlachtaí cuardaigh a sholáthar, lena n-áirítear trí eochairfhocail, lena gceadaítear don phobal i gcoitinne faisnéis ábhartha a aimsiú atá le cur isteach nuair a chláraítear córais intleachta saorga ardriosca agus maidir le cás úsáide na gcóras intleachta saorga ardriosca, a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, dá gcomhfhreagraíonn na córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart aon mhodhnú substaintiúil ar chórais intleachta saorga ardriosca a chlárú freisin i mbunachar sonraí an Aontais. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca i réimse fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, ba cheart na hoibleagáidí clárúcháin a chomhlíonadh i roinn shlán neamhphoiblí de bhunachar sonraí an Aontais. Ba cheart rochtain ar an roinn shlán neamhphoiblí a theorannú go docht don Choimisiún agus d’údaráis faireachais margaidh maidir lena roinn náisiúnta den bhunachar sonraí sin. Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca i réimse an bhonneagair chriticiúil a chlárú ach amháin ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Chun feidhmiúlacht iomlán an bhunachair sonraí a áirithiú, nuair atá sé in úsáid, ba cheart forbairt na sonraíochtaí feidhmiúla ag an gCoimisiún agus ag tuarascáil neamhspleách iniúchóireachta a áireamh mar chuid den nós imeachta chun bunachar sonraí an Aontais a shocrú. Ba cheart don Choimisiún rioscaí cibearshlándála a chur san áireamh agus a chúraimí mar rialaitheoir sonraí á ndéanamh aige ar bhunachar sonraí an Aontais. Chun infhaighteacht agus úsáid bhunachar sonraí an Aontais ag an bpobal a uasmhéadú, ba cheart bunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd, na ceanglais faoi Threoir (AE) 2019/882 a chomhlíonadh.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden