Responsible AI Platform
Overweging 12 van 1807%

Overweging 12 AI Act

Officiële tekst

id="rct_12">

(12)

Ba cheart an coincheap ‘córas intleachta saorga’ sa Rialachán seo a shainiú go soiléir agus ba cheart é a ailíniú go dlúth le hobair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag obair ar an intleacht shaorga chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, comhchuibhiú agus glacadh forleathan a éascú, agus solúbthacht á soláthar ag an am céanna chun freastal ar na forbairtí tapa teicneolaíocha sa réimse sin. Thairis sin, ba cheart an sainmhíniú a bheith bunaithe ar phríomh-shaintréithe na gcóras intleachta saorga chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus córais bogearraí traidisiúnta nó cuir chuige ríomhchlárúcháin níos simplí agus níor cheart a chumhdach leis córais atá bunaithe ar na rialacha arna sainiú ag daoine nádúrtha amháin chun oibríochtaí a chur i gcrích go huathoibríoch. Príomh-shaintréith de chórais intleachta saorga is ea a gcumas tuisceana. Maidir leis an gcumas tuisceana sin, is tagairt é don phróiseas atá ann aschuir a fháil, amhail tuartha, inneachar, moltaí, nó cinntí, ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla agus fíorúla, agus do chumas na gcóras intleachta saorga samhlacha nó algartaim a dhíorthú ó ionchuir nó ó shonraí. Ar na teicnící lena gcumasaítear an tuiscint sin agus córas intleachta saorga á thógáil, tá cuir chuige mheaisínfhoghlama a fhoghlaimíonn ó shonraí conas cuspóirí áirithe a bhaint amach, agus cuir chuige loighicbhunaithe agus eolasbhunaithe a fhaigheann an tuiscint ó eolas ionchódaithe nó ó léiriú siombalach, nó ón dá rud, ar an tasc atá le réiteach. Tá níos mó i gceist le cumas an chórais intleachta saorga tuiscint a bheith aige ná próiseáil sonraí bunúsacha sa mhéid is go gcumasaíonn sé foghlaim, réasúnaíocht nó samhaltú. Tagraíonn an téarma ‘meaisín-bhunaithe’ don fhíoras go mbíonn córais intleachta saorga ag feidhmiú ar mheaisíní. Leis an tagairt do chuspóirí sainráite nó intuigthe, cuirtear i bhfios go láidir gur féidir le córais intleachta saorga oibriú de réir cuspóirí sainráite nó cuspóirí intuigthe. Féadfaidh cuspóirí an chórais intleachta saorga a bheith éagsúil leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga i gcomhthéacs sonrach. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart timpeallachtaí a thuiscint mar na comhthéacsanna ina n-oibríonn na córais intleachta saorga, ach a mhéid a bhaineann le haschuir arna nginiúint ag an gcóras intleachta saorga, léiríonn siad feidhmeanna éagsúla a dhéanann córais intleachta saorga agus áirítear leo tuartha, inneachar, moltaí nó cinntí. Tá córais intleachta saorga ceaptha chun oibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, rud a chiallaíonn go bhfuil méid áirithe neamhspleáchais gníomhaíochtaí acu ar rannpháirtíocht an duine agus méid áirithe neamhspleáchais cumais oibriú gan idirghabháil ón duine. An leibhéal oiriúnachta a d’fhéadfadh córas intleachta saorga a thaispeáint tar éis a bheith curtha in úsáid, is tagairt é sin do chumais féinfhoghlama, rud a fhágann gur féidir leis an gcóras athrú agus é á úsáid. Is féidir córais intleachta saorga a úsáid ar bhonn neamhspleách nó mar chomhpháirt táirge, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an córas comhtháite go fisiciúil sa táirge (leabaithe) nó ag freastal ar fheidhmiúlacht an táirge gan a bheith comhtháite ann (neamhleabaithe).

Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.

📬 AI Act Weekly

Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.

Aanmelden