Overweging 117 AI Act
Officiële tekst
id="rct_117">
(117)
Ba cheart do na cóid chleachtais a bheith ina n-uirlis lárnach chun na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go cuí. Ba cheart do sholáthraithe a bheith in ann brath ar na cóid chleachtais chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a léiriú. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cód cleachtais a fhormheas agus bailíocht ghinearálta a thabhairt dó laistigh den Aontas, nó, de rogha air sin, rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí ábhartha, más rud é, faoin tráth a thiocfaidh an Rialachán seo chun bheith infheidhme, nach féidir cód cleachtais a thabhairt chun críche nó nach measann an Oifig um Intleacht Shaorga é a bheith leordhóthanach. A luaithe a fhoilseofar caighdeán comhchuibhithe agus a mheasfar go bhfuil sé oiriúnach chun go gcumhdóidh an Oifig um Intleacht Shaorga na hoibleagáidí ábhartha, ba cheart, le comhlíonadh caighdeáin chomhchuibhithe Eorpaigh, toimhde comhréireachta a dheonú do sholáthraithe. Thairis sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith in ann comhlíonadh a léiriú trí mhodhanna leordhóthanacha eile a úsáid, mura bhfuil na cóid chleachtais nó na caighdeáin chomhchuibhithe ar fáil, nó má roghnaíonn siad gan a bheith ag brath orthu sin.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden