Overweging 115 AI Act
Officiële tekst
id="rct_115">
(115)
Ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus iad a mhaolú. Más rud é, in ainneoin iarrachtaí chun rioscaí a bhaineann le samhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhféadfadh rioscaí sistéamacha a bheith aici a shainaithint agus a chosc, go bhfuil forbairt nó úsáid na samhla ina cúis le teagmhas tromchúiseach, ba cheart don soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha súil a choinneáil ar an teagmhas gan moill mhíchuí agus aon fhaisnéis ábhartha agus aon bhearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla náisiúnta. Thairis sin, ba cheart do na soláthraithe leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú don tsamhail agus dá bonneagar fisiciúil, más iomchuí, feadh shaolré iomlán na samhla. Le cosaint chibearshlándála a bhaineann le rioscaí sistéamacha a ghabhann le húsáid mhailíseach nó ionsaithe, ba cheart aird chuí a thabhairt ar sceitheadh samhla de thaisme, scaoileadh neamhúdaraithe, teacht timpeall ar bhearta sábháilteachta, agus cosaint ar chibirionsaithe, rochtain neamhúdaraithe nó goid samhla. D’fhéadfaí an chosaint sin a éascú trí ualaí samhlacha, algartaim, freastalaithe agus tacair sonraí a dhaingniú, amhail trí bhearta slándála oibríochtúla le haghaidh slándáil faisnéise, beartais shonracha chibearshlándála, réitigh theicniúla leordhóthanacha agus réitigh bhunaithe leordhóthanacha, agus cibir-rialuithe agus rialuithe rochtana fisiciúla, atá iomchuí do na himthosca ábhartha agus do na rioscaí lena mbaineann.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden