Overweging 10 AI Act
Officiële tekst
id="rct_10">
(10)
Cumhdaítear an ceart bunúsach maidir le cosaint sonraí pearsanta go háirithe le Rialacháin (AE) 2016/679 (11) agus (AE) 2018/1725 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ina theannta sin, le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), cosnaítear an saol príobháideach agus rúndacht na cumarsáide, lena n-áirítear trí choinníollacha a chur ar fáil maidir le haon stóráil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta i dtrealamh teirminéil nó rochtain ar na sonraí pearsanta nó neamhphearsanta sin ó threalamh teirminéil. Tá na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais ina mbunús le próiseáil sonraí inbhuanaithe agus fhreagrach, lena n-áirítear cásanna ina gcuimsítear le tacair sonraí teaglaim de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta. Ní fhéachtar leis an Rialachán seo le difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais atá ann cheana lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta neamhspleách atá inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-ionstraimí sin. Ina theannta sin, ní dhéantar leis difear d’oibleagáidí soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ina ról mar rialaitheoirí nó próiseálaithe sonraí a eascraíonn as dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann dearadh, forbairt nó úsáid córas intleachta saorga le próiseáil sonraí pearsanta. Is iomchuí a shoiléiriú freisin go leanann na hábhair sonraí de bheith ag tairbhiú de na cearta agus na ráthaíochtaí go léir a bhronntar orthu le dlí sin an Aontais, lena n-áirítear na cearta a bhaineann le cinnteoireacht aonair uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú. Le rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid, ba cheart cur chun feidhme éifeachtach chearta na n-ábhar sonraí a éascú agus feidhmiú na gceart sin agus leigheasanna eile a ráthaítear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chumasú.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden