Overweging 104 AI Act
Officiële tekst
id="rct_104">
(104)
Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí, ba cheart iad a bheith faoi réir eisceachtaí a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le trédhearcacht arna bhforchur ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ach amháin más féidir a mheas go bhfuil riosca sistéamach ag baint leo, ar sa chás sin nár cheart a mheas gur cúis leordhóthanach í an tsamhail a bheith trédhearcach agus ceadúnas foinse oscailte a bheith ag gabháil léi chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a eisiamh. In aon chás, ós rud é nach gá go nochtann scaoileadh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte faisnéis shubstaintiúil maidir leis an tacar sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a oiliúint nó a mhionchoigeartú agus maidir leis an gcaoi a ndearnadh comhlíonadh dhlí an chóipchirt a áirithiú dá bhrí sin, níor cheart, maidir leis an eisceacht dá bhforáiltear le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ó chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le trédhearcacht, baint a bheith aici leis an oibleagáid achoimre a sholáthar ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúint samhla ná leis an oibleagáid beartas a chur i bhfeidhm chun dlí cóipchirt an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe chun forchoimeádas na gceart de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a shainaithint agus a chomhlíonadh (40).
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden