Overweging 101 AI Act
Officiële tekst
id="rct_101">
(101)
Tá ról agus freagracht ar leith ag soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, cionn is go bhféadfadh na samhlacha a sholáthraíonn siad a bheith mar bhonn do raon córas iartheachtach ar minic is soláthraithe iartheachtacha a sholáthraíonn iad agus dar gá tuiscint mhaith ar na samhlacha agus ar a gcumais, chun comhtháthú na samhlacha sin ina dtáirgí a chumasú, agus chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialacháin eile a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart bearta trédhearcachta comhréireacha a leagan síos, lena n-áirítear doiciméadacht a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, agus faisnéis a sholáthar maidir leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach maidir lena húsáid ag na soláthraithe iartheachtacha. Ba cheart do sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí an doiciméadacht theicniúil a ullmhú agus a choinneáil cothrom le dáta chun í a chur ar fáil, arna iarraidh sin, ag an Oifig intleachta saorga agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart an tacar íosta eilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht sin a leagan amach in iarscríbhinní sonracha a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na hiarscríbhinní sin a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha a thiocfaidh chun cinn.
Bron: EUR-Lex, Verordening (EU) 2024/1689 — tekst ongewijzigd overgenomen.
📬 AI Act Weekly
Ontvang elke week de belangrijkste AI Act ontwikkelingen in je inbox.
Aanmelden