Recital 94 AI Act
Official text
id="rct_94">
(94)
Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí bithmhéadracha a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ní mór di Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 a chomhlíonadh, ar Airteagal é nach gceadaítear leis an phróiseáil sin ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, agus i gcás ina n-údaraítear í le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. Maidir leis an úsáid sin, nuair a údaraítear í, ní mór di na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2016/680 a urramú freisin, lena n-áirítear dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, cruinneas agus teorannú stórála.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe