Recital 81 AI Act
Official text
id="rct_81">
(81)
Ba cheart don soláthraí córas bainistíochta cáilíochta fónta a bhunú, a áirithiú go gcomhlíontar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is gá, an doiciméadacht ábhartha a tharraingt suas agus córas faireacháin iarmhargaidh stóinseach a bhunú. Ba cheart an deis a bheith ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir oibleagáidí maidir le córais bainistíochta cáilíochta faoi dhlí earnálach ábhartha an Aontais, ba cheart an deis a bheith acu eilimintí den chóras bainistíochta cáilíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áireamh mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta atá ann cheana dá bhforáiltear sa dlí earnálach eile sin de chuid an Aontais. Ba cheart an chomhlántacht idir an Rialachán seo agus dlí earnálach an Aontais atá ann cheana a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe nó i dtreoraíocht a ghlacfaidh an Coimisiún amach anseo. Féadfaidh na húdaráis phoiblí a chuireann córais intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin na rialacha maidir leis an gcóras bainistíochta cáilíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta arna ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus sainiúlachtaí na hearnála agus inniúlachtaí agus eagrú an údaráis phoiblí lena mbaineann á gcur san áireamh.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe