Recital 80 AI Act
Official text
id="rct_80">
(80)
Agus síniú curtha acu le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an Aontas agus ar na Ballstáit daoine faoi mhíchumas a chosaint ar idirdhealú agus a gcomhionannas a chur chun cinn, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide, agus chun a áirithiú go n-urramófar príobháideachas do dhaoine faoi mhíchumas. I bhfianaise thábhacht agus úsáid mhéadaitheach na gcóras intleachta saorga, le cur i bhfeidhm phrionsabail an deartha uilíoch maidir le gach teicneolaíocht agus seirbhís nua, ba cheart rochtain iomlán chothrom a áirithiú do gach duine a bhféadfadh teicneolaíochtaí intleachta saorga difear a dhéanamh dóibh nó a úsáideann teicneolaíochtaí intleachta saorga, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar bhealach ina gcuirtear a ndínit bhunúsach agus a n-éagsúlacht bhunúsach san áireamh go hiomlán. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-áiritheoidh soláthraithe go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán na ceanglais inrochtaineachta, lena n-áirítear Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus Treoir (AE) 2019/882. Ba cheart do sholáthraithe comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú trí dhearadh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta is gá a chomhtháthú a mhéid is féidir i ndearadh an chórais intleachta saorga ardriosca.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe