Recital 72 AI Act
Official text
id="rct_72">
(72)
Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le doiléireacht agus castacht córas intleachta saorga áirithe agus chun cuidiú le húsáideoirí gairmiúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a bheith trédhearcach sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a cheapadh ar bhealach a chuirfidh ar chumas úsáideoirí gairmiúla tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an córas intleachta saorga, meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmiúlacht, agus a láidreachtaí agus a theorainneacha a thuiscint. Ba cheart faisnéis iomchuí i bhfoirm treoracha úsáide a bheith ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart saintréithe, cumais agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga a bheith san áireamh san fhaisnéis sin. Chumhdófaí leo faisnéis maidir le himthosca aitheanta agus intuartha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear gníomhaíocht de chuid an úsáideora ghairmiúil a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht agus feidhmíocht an chórais, faoina bhféadfadh rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha a bheith mar thoradh ar an gcóras intleachta saorga, maidir leis na hathruithe a réamhchinntíodh agus a ndearnadh measúnú orthu le haghaidh comhréireachta ag an soláthraí agus maidir leis na bearta ábhartha formhaoirseachta daonna, lena n-áirítear na bearta chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur an chórais intleachta saorga a éascú. Ba cheart go gcuideoidh trédhearcacht, lena n-áirítear na treoracha úsáide a ghabhann leis, le húsáideoirí gairmiúla an córas a úsáid agus cinnteoireacht eolasach a dhéanamh. Ba cheart gur fearr a bheidh na húsáideoirí gairmiúla, inter alia, in ann an córas a n-úsáidfidh siad é a roghnú i bhfianaise na n-oibleagáidí is infheidhme maidir leo, ba cheart oideachas a bheith faighte acu faoi na húsáidí atá beartaithe agus coiscthe, ba cheart dóibh a bheith in ann an córas intleachta saorga a úsáid i gceart agus de réir mar is iomchuí. Chun inléiteacht agus inrochtaineacht na faisnéise a áirítear sna treoracha úsáide a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí, ba cheart samplaí léiritheacha a chur san áireamh, mar shampla maidir le teorainneacha agus úsáidí beartaithe agus coiscthe an chórais intleachta saorga. Ba cheart do sholáthraithe a áirithiú go mbeidh sa doiciméadacht uile, lena n-áirítear na treoracha úsáide, faisnéis fhóinteach, chuimsitheach, inrochtana agus intuigthe, agus riachtanais agus eolas intuartha na sprioc-úsáideoirí gairmiúla á gcur san áireamh. Ba cheart treoracha úsáide a chur ar fáil i dteanga is féidir leis na sprioc-úsáideoirí gairmiúla a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe