Recital 71 AI Act
Official text
id="rct_71">
(71)
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis intuigthe ann maidir leis an gcaoi ar forbraíodh córais intleachta saorga ardriosca agus maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn siad ar feadh a saolré chun inrianaitheacht na gcóras sin a éascú, chun comhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo a fhíorú, agus chun faireachán a dhéanamh ar a n-oibríochtaí agus ar fhaireachán iarmhargaidh. Chuige sin, is gá taifid a choimeád agus doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais ábhartha agus chun faireachán iarmhargaidh a éascú. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na saintréithe, cumais agus teorainneacha ginearálta maidir leis na córais, na halgartaim, na sonraí, na nósanna imeachta tástála agus bailíochtaithe arna n-úsáid chomh maith le doiciméadacht i dtaca leis an gcóras ábhartha bainistíochta riosca agus ba cheart an fhaisnéis a leagan amach go soiléir agus go cuimsitheach. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a choinneáil cothrom le dáta go hiomchuí feadh shaolré an chórais intleachta saorga. Ina theannta sin, ba cheart, ó thaobh na teicneolaíochta de, go gceadódh le córais intleachta saorga ardriosca taifeadadh uathoibríoch a dhéanamh ar theagmhais, trí bhíthin logaí, feadh shaolré an chórais.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe