Recital 64 AI Act
Official text
id="rct_64">
(64)
Chun na rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse a mhaolú agus chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais shainordaitheacha áirithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca, agus an chríoch atá beartaithe agus comhthéacs úsáid an chórais intleachta saorga á gcur san áireamh agus de réir an chórais bainistíochta riosca atá le bunú ag an soláthraí. Ba cheart a chur san áireamh, sna bearta arna nglacadh ag na soláthraithe chun ceanglais shainordaitheacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, staid reatha na teicneolaíochta a aithnítear go ginearálta maidir le hintleacht shaorga, ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus éifeachtach chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua, mar a soiléiríodh san fhógra ón gCoimisiún ‘An “Treoir Ghorm” maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais i ndáil le táirgí 2022’, is é an riail ghinearálta go bhféadfadh feidhm a bheith ag níos mó ná píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais maidir le táirge amháin, ós rud é nach féidir an cur ar fáil nó cur i mbun seirbhíse a dhéanamh ach amháin nuair a chomhlíonann an táirge an reachtaíocht chomhchuibhithe uile is infheidhme de chuid an Aontais. Baineann guaiseacha na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le ceanglais an Rialacháin seo le gnéithe atá éagsúil le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana agus, dá bhrí sin, bheadh ceanglais an Rialacháin seo ina gcomhlánú ar chorpas reachtaíochta comhchuibhithe an Aontais atá ann cheana. Mar shampla, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le hinnealra nó táirgí feistí leighis a chorpraíonn córas intleachta saorga ar rioscaí iad nach dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais, toisc nach ndéileáiltear sa dlí earnála sin le rioscaí a bhaineann go sonrach le córais intleachta saorga. Chuige sin, ní mór na gníomhartha reachtacha éagsúla a chur i bhfeidhm go comhuaineach agus go comhlántach. Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun ualach riaracháin neamhriachtanach agus costais neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe táirge ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo agus ag ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir leo, ba cheart solúbthacht a bheith acu maidir le cinntí oibríochtúla maidir le conas a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge ina bhfuil córas intleachta saorga amháin nó níos mó na ceanglais uile is infheidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ar bhealach optamach. Leis an tsolúbthacht sin, mar shampla, d’fhéadfadh cinneadh ón soláthraí cuid de na próisis tástála agus tuairiscithe, den fhaisnéis agus den doiciméadacht is gá a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chomhtháthú i ndoiciméadacht agus i nósanna imeachta atá ann cheana agus a cheanglaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Níor cheart dó sin, ar bhealach ar bith, an bonn a bhaint ón oibleagáid atá ar an soláthraí na ceanglais uile is infheidhme a chomhlíonadh.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe