Recital 57 AI Act
Official text
id="rct_57">
(57)
Ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear i bhfostaíocht, bainistíocht fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht, go sonrach chun daoine a earcú agus a roghnú, chun cinntí a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar choinníollacha caidrimh a bhaineann leis an obair, ar ardú céime agus ar fhoirceannadh caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, chun cúraimí a shannadh bunaithe ar iompar aonair, tréithe nó saintréithe pearsanta agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfaidís mórthionchar a imirt ar ionchais ghairme, ar shlite beatha na ndaoine sin agus ar chearta na n-oibrithe amach anseo. Maidir le caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart fostaithe agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí trí ardáin dá dtagraítear i gClár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 a bheith rannpháirteach iontu ar bhealach fóinteach. Le linn an phróisis earcaíochta agus i dtaca le meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, nó ardú céime a thabhairt dóibh nó iad a choinneáil, d’fhéadfadh na córais sin patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla, in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe. Córais intleachta saorga a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht na ndaoine sin, d’fhéadfadh siad an bonn a bhaint óna gcearta bunúsacha chun cosaint sonraí agus príobháideachais.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe