Recital 4 AI Act
Official text
id="rct_4">
(4)
Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag athrú go tapa agus a chuireann le réimse leathan tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha ar fud raon iomlán earnálacha agus gníomhaíochtaí sóisialta trí chéile. Trí fheabhas a chur ar thuar, oibríochtaí agus leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú, agus réitigh dhigiteacha atá ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a phearsantú, is féidir le húsáid na hintleachta saorga príomhbhuntáistí iomaíocha a sholáthar do ghnóthais agus tacú le torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol, mar shampla i gcúram sláinte, talmhaíocht, sábháilteacht bia, oideachas agus oiliúint, na meáin, spóirt, cultúr, bainistiú bonneagair, fuinneamh, iompar agus lóistíocht, seirbhísí poiblí, slándáil, ceartas, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, faireachán comhshaoil, bithéagsúlacht agus éiceachórais a chaomhnú agus a athbhunú agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe