Recital 38 AI Act
Official text
id="rct_38">
(38)
Is gá sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun córas intleachta saorga a úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach fíor-ama daoine nádúrtha i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí. Na rialacha sa Rialachán seo maidir le toirmeasc a chur ar an úsáid sin, faoi réir eisceachtaí áirithe, atá bunaithe ar Airteagal 16 CFAE, ba cheart feidhm a bheith acu mar lex specialis i leith na rialacha atá in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha, agus dá bhrí sin an úsáid sin agus an phróiseáil sonraí bithmhéadracha lena mbaineann a rialáil go cuimsitheach. Dá bhrí sin, níor cheart an úsáid agus an phróiseáil sin bheith indéanta ach a mhéid atá siad comhoiriúnach leis an gcreat a leagtar amach leis an Rialachán seo, gan féidearthacht a bheith ann, lasmuigh den chreat sin, do na húdaráis inniúla, agus iad ag gníomhú chun críche fhorfheidhmiú an dlí, na córais sin a úsáid agus na sonraí sin lena mbaineann a phróiseáil ar na forais a liostaítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680. Sa chomhthéacs sin, níl an Rialachán seo beartaithe a bheith ina bhunús dlí leis an bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/680. Maidir le húsáid córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear úsáid ag údaráis inniúla, níor cheart í a chumhdach, áfach, leis an gcreat sonrach maidir leis an úsáid sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí a shocraítear leis an Rialachán seo. An úsáid sin chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, níor cheart, dá bhrí sin, í a bheith faoi réir an cheanglais údaraithe faoin Rialachán seo ná na rialacha mionsonraithe is infheidhme sa dlí náisiúnta lena dtabharfaí éifeacht don údarú sin.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe