Recital 33 AI Act
Official text
id="rct_33">
(33)
Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar úsáid na gcóras sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin maidir le cásanna atá liostaithe go cuimsitheach agus sainithe go cúng, cásanna lena bhfuil dianghá le húsáid na gcóras sin chun freastal ar leas substaintiúil maidir leis an bpobal, ina meastar gur mó a dtábhacht ná na rioscaí. Baineann na cásanna sin le cuardach íospartach áirithe coireachta, lena n-áirítear daoine ar iarraidh; bagairtí áirithe ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta; agus logánú nó sainaithint dhéantóirí nó amhrastach na gcionta coiriúla a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil na cionta coiriúla sin inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse ceithre bliana ar a laghad agus mar a shainítear iad i ndlí an Bhallstáit sin. An tairseach sin maidir leis an bpianbhreith choimeádta nó ordú coinneála i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rannchuidíonn sí chun a áirithiú gur cheart an cion a bheith tromchúiseach go leor le húdar a thabhairt le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’. Thairis sin, tá liosta na gcionta coiriúla dá bhforáiltear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar na 32 chion choiriúla a liostaítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (18), á chur san áireamh gur dócha go mbeidh cuid de na cionta sin níos ábhartha ná a chéile, i gcleachtas, sa mhéid is go bhféadfadh sé go mbeadh gá ar leibhéil éagsúla go hintuartha le hiontaoibh cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus go mbeadh sé comhréireach ar leibhéil éagsúla den chur chun cinn praiticiúil maidir le logánú nó sainaithint duine faoi dhrochamhras nó dhéantóirí na gcionta coiriúla éagsúla a liostaítear agus ag féachaint do na héagsúlachtaí dóchúla maidir le tromchúis, dóchúlacht agus leibhéal na díobhála nó na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh garbhagairt ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha a bheith mar thoradh freisin ar shuaitheadh tromchúiseach ar bhonneagar criticiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), i gcás ina mbeadh garbhagairt ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil duine mar thoradh ar shuaitheadh nó scriosadh an bhonneagair chriticiúil sin, lena n-áirítear trí dhíobháil thromchúiseach do sholáthar soláthairtí bunúsacha don daonra nó d’fheidhmiú phríomhfheidhm an Stáit. Ina theannta sin, ba cheart go gcaomhnófaí leis an Rialachán seo cumas na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó na n-údarás tearmainn seiceálacha aitheantais a dhéanamh i láthair an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta maidir leis na seiceálacha sin. Go háirithe, ba cheart d’údaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn a bheith in ann úsáid a bhaint as córais faisnéise, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, chun daoine a shainaithint a dhiúltaíonn a bheith sainaitheanta nó nach bhfuil in ann a gcéannacht a shonrú nó a chruthú, gan ceangal a bheith orthu leis an Rialachán seo réamhúdarú a fháil. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, duine a raibh baint aige le coir, nó duine nach bhfuil toilteanach, nó nach bhfuil ar a chumas, mar gheall ar thimpiste nó riocht sláinte, a aitheantas a nochtadh d’údaráis forfheidhmithe dlí.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe