Recital 157 AI Act
Official text
id="rct_157">
(157)
Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí, cúraimí, cumhachtaí agus neamhspleáchas na n-údarás nó na gcomhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais agus údaráis cosanta sonraí. I gcás inar gá sin dá sainordú, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta sin freisin ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo. Ba cheart nós imeachta cosanta sonrach a leagan síos chun forfheidhmiú leordhóthanach tráthúil a áirithiú i gcoinne córais intleachta saorga a bhfuil riosca don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha ag baint leo. Ba cheart an nós imeachta le haghaidh na gcóras intleachta saorga sin a bhfuil riosca ag baint leo a chur i bhfeidhm ar chórais intleachta saorga ardriosca a bhfuil riosca ag baint leo, ar chórais thoirmiscthe a cuireadh ar an margadh, a cuireadh i mbun seirbhíse nó a úsáideadh de shárú ar na cleachtais thoirmiscthe a leagtar síos sa Rialachán seo agus ar chórais intleachta saorga a cuireadh ar fáil de shárú ar na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil riosca ag baint leo.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe