Recital 142 AI Act
Official text
id="rct_142">
(142)
Chun a áirithiú go mbeidh torthaí a théann chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol mar thoradh ar an intleacht shaorga, moltar do na Ballstáit tacú le taighde agus forbairt réiteach intleachta saorga agus iad a chur chun cinn chun tacú le torthaí atá chun tairbhe na sochaí agus an chomhshaoil, amhail réitigh bunaithe ar an intleacht shaorga chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a mhéadú, dul i ngleic le neamhionannais shocheacnamaíocha, nó spriocanna comhshaoil a bhaint amach, trí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh, lena n-áirítear cistiú poiblí agus cistiú ón Aontas, agus, i gcás inarb iomchuí agus ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin, agus go háirithe tionscadail lena saothraítear na cuspóirí sin á gcur san áireamh. Ba cheart na tionscadail sin a bheith bunaithe ar phrionsabal an chomhair idirdhisciplínigh idir forbróirí intleachta saorga, saineolaithe ar neamhionannas agus neamh-idirdhealú, inrochtaineacht, cearta tomhaltóirí, comhshaoil agus digiteacha, chomh maith le hacadóirí.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe