Recital 128 AI Act
Official text
id="rct_128">
(128)
Aon uair a tharlaíonn athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht córais intleachta saorga ardriosca leis an Rialachán seo (e.g. athrú ar an gcóras oibriúcháin nó ar ailtireacht na mbogearraí), nó nuair a thagann athrú ar an gcríoch atá beartaithe don chóras, is iomchuí gur cheart a mheas gur córas intleachta saorga nua é an córas intleachta saorga sin ar cheart measúnú comhréireachta nua a dhéanamh air i gcomhréir le coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil a bhunaítear go coitianta le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Níor cheart, áfach, modhnú substaintiúil a bheith in athruithe a thagann ar an algartam agus ar fheidhmíocht na gcóras intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, eadhon oiriúnú go huathoibríoch don chaoi a ndéantar feidhmeanna, ar choinníoll go ndearna an soláthraí na hathruithe sin a réamhchinneadh agus go ndearnadh measúnú orthu tráth an mheasúnaithe comhréireachta.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe