Recital 125 AI Act
Official text
id="rct_125">
(125)
I bhfianaise chastacht na gcóras intleachta saorga ardriosca agus na rioscaí a bhaineann leo, tá sé tábhachtach nós imeachta leordhóthanach um measúnú comhréireachta a fhorbairt le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca lena mbaineann comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ar a dtugtar measúnú comhréireachta tríú páirtí. I bhfianaise thaithí reatha na ndeimhneoirí réamh-mhargaidh gairmiúla i réimse na sábháilteachta táirgí agus chineál éagsúil na rioscaí lena mbaineann, áfach, is iomchuí, ar a laghad le linn na chéad chéime de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, an raon feidhme a theorannú maidir le cur i bhfeidhm measúnaithe comhréireachta tríú páirtí le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca cé is moite díobh siúd a bhaineann leis na táirgí. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart don soláthraí an measúnú comhréireachta a dhéanamh ar na córais sin faoina fhreagracht féin, cé is moite de chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh bithmhéadrachta.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe