Recital 122 AI Act
Official text
id="rct_122">
(122)
Gan dochar d’úsáid caighdeán comhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna, is iomchuí a thoimhdiú i ndáil le soláthraithe córais intleachta saorga ardriosca a ndearnadh oiliúint agus tástáil air maidir le sonraí lena léirítear an suíomh geografach, iompraíochta, comhthéacsúil nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a úsáid, go gcomhlíonann siad an beart ábhartha dá bhforáiltear faoin gceanglas maidir le rialachas sonraí a leagtar amach sa Rialachán seo. Gan dochar do na ceanglais a bhaineann le stóinseacht agus cruinneas a leagtar amach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2019/881, ba cheart a thoimhdiú maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála de bhun an Rialacháin sin agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go gcomhlíonann siad ceanglas cibearshlándála an Rialacháin seo a mhéid a chumhdaítear leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó codanna de ceanglas cibearshlándála an Rialacháin seo. Tá sé seo gan dochar fós do chineál deonach na scéime cibearshlándála sin.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe