Recital 118 AI Act
Official text
id="rct_118">
(118)
Leis an Rialachán seo, rialáiltear córais intleachta saorga agus samhlacha intleachta saorga trí cheanglais agus oibleagáidí áirithe a fhorchur ar ghníomhaithe margaidh ábhartha atá á gcur ar an margadh, á gcur i mbun seirbhíse nó á n-úsáid san Aontas, agus ar an gcaoi sin oibleagáidí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a leabaíonn na córais nó na samhlacha sin ina seirbhísí a rialáiltear le Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlánú. A mhéid atá na córais nó na samhlacha sin leabaithe in ardáin an-mhór ar líne ainmnithe nó in innill chuardaigh an-mhór ar líne ainmnithe, tá siad faoi réir an chreata bainistithe riosca dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/2065. Dá bhrí sin, ba cheart a thoimhdiú go gcomhlíontar oibleagáidí comhfhreagracha an Rialacháin seo, mura rud é go dtagann rioscaí sistéamacha suntasacha chun cinn nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2022/2065 agus go sainaithnítear iad sna samhlacha sin. Faoi chuimsiú an mhéid sin, tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha féideartha a eascraíonn as ceapadh, feidhmiú agus úsáid a gcuid seirbhísí, lena n-áirítear an chaoi a bhféadfadh ceapadh na gcóras algartamach a úsáidtear sa tseirbhís rannchuidiú leis na rioscaí sin, chomh maith le rioscaí sistéamacha a eascraíonn as mí-úsáidí féideartha. Tá sé d’oibleagáid ar na soláthraithe sin freisin bearta maolaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cearta bunúsacha á n-urramú.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe