Recital 116 AI Act
Official text
id="rct_116">
(116)
Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas, athbhreithniú agus oiriúnú cód cleachtais a spreagadh agus a éascú, agus cuir chuige idirnáisiúnta á gcur san áireamh. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do gach soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith rannpháirteach. Chun a áirithiú go léireoidh na cóid chleachtais an úrscothacht agus go gcuirfear san áireamh go cuí iontu tacar éagsúil peirspictíochtaí, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, agus d’fhéadfadh sí, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí agus saineolaithe ábhartha eile, lena n-áirítear an painéal eolaíoch, chun na cóid sin a tharraingt suas. Leis na cóid chleachtais, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu a chumhdach. Ina theannta sin, maidir le rioscaí sistéamacha, ba cheart do chóid chleachtais a bheith ina gcuidiú chun tacsanomaíocht riosca a bhunú de chineál agus de nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí. Ba cheart do chóid chleachtais a bheith dírithe freisin ar mheasúnú riosca sonrach agus ar bhearta maolaithe sonracha.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe