Recital 114 AI Act
Official text
id="rct_114">
(114)
Ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu, sa bhreis ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bheith faoi réir oibleagáidí arb é is aidhm dóibh na rioscaí sin a shainaithint agus a mhaolú agus leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú, gan beann ar cibé acu a sholáthraítear mar shamhail neamhspleách í nó atá sí leabaithe i gcóras intleachta saorga nó i dtáirge. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart leis an Rialachán seo ceangal a chur ar sholáthraithe na meastóireachtaí samhla is gá a dhéanamh, go háirithe sula gcuirtear ar an margadh den chéad uair iad, lena n-áirítear tástáil sáraíochta samhlacha a dhéanamh agus a dhoiciméadú, de réir mar is iomchuí, trí thástáil inmheánach nó trí thástáil sheachtrach neamhspleách. Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu rioscaí sistéamacha a mheasúnú agus a mhaolú ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear, amhail trí bheartais bainistithe riosca a chur i bhfeidhm, ar nós próisis chuntasachta agus rialachais, faireachán iarmhargaidh a chur chun feidhme, bearta iomchuí a dhéanamh feadh shaolré iomlán na samhla agus comhoibriú le gníomhaithe ábhartha feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe