Recital 109 AI Act
Official text
id="rct_109">
(109)
Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith i gcomhréir agus comhréireach leis an gcineál soláthraí samhla, gan an gá atá le comhlíonadh a chur san áireamh i gcás daoine a fhorbraíonn nó a úsáideann samhlacha chun críocha taighde neamhghairmiúil nó eolaíoch, ba cheart, mar sin féin, a spreagadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh go deonach. Gan dochar do dhlí cóipchirt an Aontais, ba cheart, agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh, aird chuí a thabhairt ar mhéid an tsoláthraí agus bealaí simplithe comhlíonta a cheadú do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar bealaí iad nár cheart a bheith ina gcostas iomarcach agus nár cheart dóibh úsáid na samhlacha sin a dhíspreagadh. I gcás modhnú nó mionchoigeartú ar shamhail, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a theorannú don mhodhnú nó don mhionchoigeartú sin, mar shampla tríd an doiciméadacht theicniúil atá ann cheana a chomhlánú le faisnéis maidir leis na modhnuithe, lena n-áirítear foinsí sonraí oiliúna nua, mar mhodh chun na hoibleagáidí maidir leis an slabhra luacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
Subscribe