Annex VIII AI Act
class="oj-doc-ti" id="d1e38-136-1">IARSCRÍBHINN VIII
Official text
id="anx_VIII"> IARSCRÍBHINN VIII Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hairteagal 49 Roinn A — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(1) Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(1):
1. Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
2. I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;
3. Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;
4. Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan débhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
5. Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus ar na comhpháirteanna agus na feidhmeanna a dtacaítear leo tríd an gcóras intleachta saorga seo;
6. Tuairisc bhunúsach agus ghonta ar an bhfaisnéis a úsáideann an córas (sonraí, ionchuir) agus a loighic oibriúcháin;
7. Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairthe);
8. Cineál, uimhir agus dáta éaga an deimhnithe arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra agus ainm nó uimhir aitheantais an chomhlachta sin faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
9. Cóip scanta den deimhniú dá dtagraítear i bpointe 8, i gcás inarb infheidhme;
10. Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, a cuireadh i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas;
11. Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
12. Treoracha leictreonacha úsáide; ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i réimsí fhorfheidhmithe an dlí nó imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointí 1, 6 agus 7;
13. URL chun tuilleadh eolais a fháil (roghnach).
Roinn B — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(2) Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(2):
1. Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
2. I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;
3. Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;
4. Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
5. Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;
6. An coinníoll nó na coinníollacha faoi Airteagal 6(3) ar bunaithe air nó orthu nach meastar gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga;
7. Achoimre ghearr ar na forais ar a meastar nach bhfuil ardriosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga agus an nós imeachta á chur i bhfeidhm faoi Airteagal 6(3);
8. Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairithe);
9. Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas.
Roinn C — Faisnéis atá le tíolacadh ag úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(3) Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(3):
1. Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an úsáideora ghairmiúil;
2. Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine a chuireann faisnéis isteach thar ceann an úsáideora ghairmiúil;
3. URL le haghaidh iontráil an chórais intleachta saorga i mbunachar sonraí an Aontais ag a sholáthraí;
4. Achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27;
5. Achoimre ar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 mar a shonraítear in Airteagal 26(8) den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
SubscribeFrequently asked questions
What must be registered according to Annex VIII?
Annex VIII contains three sections with registration information: Section A for providers of high-risk AI (Article 49(1)), Section B for providers claiming their AI is not high-risk (Article 49(2)), and Section C for deployers (Article 49(3)).
What data must a provider register in the EU database?
Section A requires 13 data points, including: provider name and address, AI system trade name, description of intended purpose, operating logic, status (on market/withdrawn), certificate details, EU declaration of conformity, and instructions for use.
What must a deployer register?
Section C requires 5 data points: (1) deployer name and address, (2) contact person, (3) URL of the provider's registration, (4) summary of fundamental rights impact assessment (Article 27), and (5) summary of DPIA where applicable.
Do I need to make instructions for use public at registration?
Yes, point 12 of Section A requires electronic instructions for use. Exception: for high-risk AI in law enforcement, migration and border control (Annex III, points 1, 6 and 7) these do not need to be provided.
What if I claim my AI system is not high-risk?
Then you register under Section B with 9 data points, including the condition(s) under Article 6(3) and a short summary of why the system is considered not high-risk.
Is registration a one-time event or must it be maintained?
The information must be kept up to date. Annex VIII explicitly states that information 'shall be provided and thereafter kept up to date' — you are obliged to update changes.
In which database is the information registered?
In the EU database for high-risk AI systems, as described in Article 71. This database is managed by the European Commission and is partly publicly accessible.
Do I also need to register a fundamental rights impact assessment?
Deployers must register a summary of their fundamental rights impact assessment (FRIA, Article 27) in the EU database, as required by Section C, point 4.