Annex IV AI Act
class="oj-doc-ti" id="d1e38-130-1">IARSCRÍBHINN IV
Official text
id="anx_IV"> IARSCRÍBHINN IV Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1), de réir mar is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ábhartha:
1. tuairisc ghinearálta ar an gcóras intleachta saorga, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) an chríoch atá beartaithe dó, ainm an tsoláthraí agus leagan an chórais lena léirítear an gaol atá aige le leaganacha a bhí ann roimhe sin;
(b) conas a idirghníomhaíonn an córas intleachta saorga, nó conas is féidir é a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí, lena n-áirítear le córais eile intleachta saorga, nach cuid den chóras intleachta saorga é féin, i gcás inarb infheidhme;
(c) na leaganacha de bhogearraí nó dochtearraí ábhartha agus aon cheanglais a bhaineann le nuashonruithe ar an leagan;
(d) an tuairisc ar na foirmeacha uile ina gcuirtear an córas intleachta saorga ar an margadh nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, mar shampla pacáistí bogearraí atá leabaithe i gcrua-earraí, íoslódálacha nó APInna;
(e) an tuairisc ar na crua-earraí ar a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a rith;
(f) i gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga ina chomhpháirt de tháirgí, grianghraif nó léaráidí ina léirítear gnéithe seachtracha, an mharcáil agus leagan amach inmheánach na dtáirgí sin;
(g) tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil;
(h) treoracha úsáide don úsáideoir gairmiúil, agus tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil, i gcás inarb infheidhme;
2. Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí an chórais intleachta saorga agus ar an bpróiseas chun é a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) na modhanna agus na céimeanna a rinneadh chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, dul ar iontaoibh córas agus uirlisí réamhoilte arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe agus an chaoi a ndearna an soláthraí iad a úsáid, a chomhtháthú nó a mhodhnú;
(b) sonraíochtaí deartha an chórais, eadhon loighic ghinearálta an chórais intleachta saorga agus na n-algartam; na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh, lena n-áirítear maidir le daoine nó grúpaí daoine ar i ndáil leo atá an córas le húsáid; na príomhroghanna aicmithe; an rud a bhfuil sé beartaithe an córas a dhearadh lena optamú, agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil; an tuairisc ar aschur ionchasach agus cáilíocht aschur an chórais; na cinntí faoi aon chomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir leis na réitigh theicniúla arna nglacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh;
(c) an tuairisc ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán; na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, chun oiliúint a chur air, é a thástáil agus a bhailíochtú;
(d) i gcás inarb ábhartha, na ceanglais sonraí i dtéarmaí bileoga sonraí ina gcuirtear síos ar na modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna agus ar na tacair sonraí oiliúna a úsáidtear, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar na tacair sonraí sin, faisnéis maidir lena bhfoinse, a raon feidhme agus a bpríomh-shaintréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí; nósanna imeachta lipéadaithe (e.g. i gcás foghlaim faoi mhaoirseacht), modheolaíochtaí glanta sonraí (e.g. asluitigh a bhrath);
(e) measúnú ar na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear measúnú ar na bearta teicniúla atá riachtanach chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 13(3), pointe (d);
(f) i gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar athruithe réamhshocraithe ar an gcóras intleachta saorga agus ar a fheidhmíocht, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na réitigh theicniúla a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga go leanúnach na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
(g) na nósanna imeachta bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na sonraí bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh agus a bpríomh-shaintréithe; an mhéadracht a úsáidtear chun cruinneas, stóinseacht agus comhlíonadh ceanglas ábhartha eile a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a thomhas, chomh maith le tionchair a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach; logaí tástála agus na tuarascálacha tástála uile arna ndátú agus arna síniú ag na daoine freagracha, lena n-áirítear maidir le hathruithe réamhshocraithe dá dtagraítear faoi phointe (f);
(h) bearta cibearshlándála curtha i bhfeidhm;
3. Faisnéis mhionsonraithe i ndáil le faireachán, feidhmiú agus rialú an chórais intleachta saorga, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: a inniúlachtaí agus a theorainneacha maidir le feidhmíocht, lena n-áirítear na céimeanna cruinnis le haghaidh daoine sonracha nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith agus an leibhéal foriomlán cruinnis i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó; na torthaí neamhbheartaithe intuartha agus na foinsí riosca don tsláinte agus sábháilteacht, do chearta bunúsacha agus d’idirdhealú i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga; na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú; sonraíochtaí maidir le sonraí ionchuir, de réir mar is iomchuí;
4. Tuairisc ar oiriúnacht na méadrachta feidhmíochta don chóras intleachta saorga sonrach;
5. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras bainistíochta riosca i gcomhréir le hAirteagal 9;
6. Tuairisc ar na hathruithe ábhartha arna ndéanamh ag an soláthar ar an gcóras le linn a shaolré;
7. Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm, tuairisc mhionsonraithe ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm;
8. Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
9. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chórais intleachta saorga sa chéim iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 72, lena n-áirítear an plean faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72(3).
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
SubscribeFrequently asked questions
What must be included in the technical documentation under Annex IV?
Annex IV requires nine sections: (1) general description of the AI system, (2) detailed description of elements and development process, (3) monitoring and control information, (4) appropriateness of performance metrics, (5) risk management, (6) lifecycle changes, (7) applied standards, (8) EU declaration of conformity, and (9) post-market monitoring system.
What information about training data is required in the technical documentation?
Point 2d requires: data requirements including datasheets with training methodologies, description of training datasets, provenance and scope of data, how data was obtained and selected, labelling procedures (e.g. for supervised learning), and data cleaning methods (e.g. outlier detection).
Do I need to document cybersecurity measures?
Yes, point 2h of Annex IV explicitly requires that cybersecurity measures put in place are included in the technical documentation.
What must I document about human oversight?
Point 2e requires an assessment of human oversight measures needed under Article 14, including an assessment of technical measures to facilitate interpretation of AI outputs by deployers (under Article 13(3)(d)).
How detailed must the risk assessment in the technical documentation be?
Point 5 requires a detailed description of the risk management system under Article 9. This includes identification of risks to health, safety and fundamental rights, risk mitigation measures, and residual risk analysis.
Do I need to include test results in the technical documentation?
Yes, point 2g requires: validation and testing procedures, information on test and validation data, metrics for accuracy, robustness and compliance, potentially discriminatory impacts, test logs and all test reports dated and signed.
What goes in the general description of the AI system?
Point 1 requires: (a) intended purpose, provider name and version, (b) interaction with hardware/software, (c) software versions, (d) forms of market placement (API, download, etc.), (e) intended hardware, (f) photos for embedded products, (g) user interface description, (h) instructions for use.
Do I need to track changes to the AI system?
Yes, point 6 requires a description of relevant changes made by the provider throughout the lifecycle. Point 2f also requires documentation of pre-determined changes and how continuous compliance is ensured.
Is Annex IV technical documentation mandatory for all AI systems?
No, Annex IV is only mandatory for high-risk AI systems (under Article 11(1)). For general-purpose AI models (GPAI), Annex XI applies instead.
How does Annex IV relate to post-market monitoring?
Point 9 requires a detailed description of the system for evaluating AI performance post-market, in accordance with Article 72, including the post-market monitoring plan of Article 72(3).
Do I need to list harmonised standards in the documentation?
Yes, point 7 requires a list of applied harmonised standards. If no harmonised standards were applied, a detailed description must be provided of alternative solutions to meet the requirements of Chapter III, Section 2.
How do I store the Annex IV technical documentation?
Under Article 18, technical documentation must be drawn up before the AI system is placed on the market and kept up to date. The documentation must be available to competent authorities for at least 10 years after market placement.
How does the Annex IV technical documentation relate to ISO 42001?
ISO/IEC 42001 (AI Management System) provides a framework that partially overlaps with Annex IV requirements. However, ISO 42001 certification does not automatically cover all requirements. Annex IV contains specific EU requirements around conformity declaration, post-market monitoring and CE marking that go beyond ISO 42001.
Who has access to the Annex IV technical documentation?
The technical documentation must be available to national market surveillance authorities upon request. You do not need to publish the documentation publicly. For high-risk AI systems requiring assessment by a notified body (Annex VII), the documentation must also be provided to that body.
Can I prepare the technical documentation in Dutch?
The technical documentation must be prepared in a language accepted by the relevant Member State. In practice, most Member States accept English. Check with your national supervisory authority whether documentation in Dutch or English suffices for your market.